My Podcast Site

New podcast weblog

Listen on:

  • Podbean App

Episodes

Tuesday Nov 02, 2010

IRISH LANGUAGE ORIGINAL Seachtain speisialta í seo i saol na Gaeilge
Is seachtain speisialta í seo do lucht na Gaeilge gan dabht. Beidh na mílte ag bailiú le chéile i gCill Airne i gcomhair Oireachtas na Samhna 2010 agus tá sceitimíní ar dhaoine faoi.
Beidh Cill Airne lán le gaeilgeoirí an deireadh seachtaine seo, agus iad ag súil le féile thaitneamhach eile a chaitheamh lena gclann agus lena gcairde.
Tá ról tábhachtach ag an Oireachtas i saol na Gaeilge agus tá ag éirí thar cionn leis an bhféile chultúrtha seo ealaíona traidisiúnta na Gaeilge a choinneáil beo. Tá borradh tagtha ar an amhránaíocht agus ar an damhsa ar an sean-nós le cúpla bliain anuas ach go háirithe.
Tá sé iontach an dream óg a fheiceáil ag baint suilt as imeachtaí an Oireachtais. Is iad na daoine óga seo a choinneoidh an tOireachtas, teanga agus cultúr na Gaeilge beo sna blianta atá romhainn.
Tá sé an-tábhachtach nach ndéanfar dearmad gurb í an Ghaeilge teanga na féile agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun í a chosaint.
ENGLISH TRANSLATION A special week in the life of the Irish language
This is without doubt a special week for Irish speakers. Thousands will gather in Killarney for the November Oireachtas (festival) 2010 and people are excited about it.
Killarney will be full of Irish speakers this week, hoping to spend another enjoyable festival with their families and with their friends.
The Oireachtas has an important role in the life of the Irish language and this cultural festival is succeeding very well in keeping the traditional Irish language arts alive. Singing and sean-nós (old time) dancing have increased the last couple of years in particular.
It is wonderful to see the young people enjoying the Oireachtas events. It is these young people who will keep the Oireachtas, the Irish language and culture alive in the years to come.
It is very important not to forget that the Irish language is the language of the festival and we must do our best to protect it.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102636.html

Monday Oct 25, 2010

ORIGINAL IRISH TEXT:
Tá an Ghaeilge ag cur le ‘geilleagar cliste’ na tíre
Dá ngearrfaí an t-airgead a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna na tíre seo, tubaiste a bheadh ann. Tá feabhas tagtha ar íomhá na Gaeilge i measc na ndaoine óga le cúpla bliain anuas. Leis an siollabas nua Gaeilge, seans go dtiocfaidh tuilleadh feabhais ar an íomhá sin. Ba mhór an trua an dea-obair go léir a chur amú ag an bpointe seo.
Aithnímid ar fad go bhfuil fadhb againn maidir le líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir ar an Matamaitic ag an ardleibhéal san Ardteist. Ní aontaímid áfach go leigheasfadh an gearradh siar ar mhúineadh na Gaeilge an fhadhb seo. Ó bheith ag labhairt le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna ar fud na tíre is cosúil go bhfuil dlúthcheangal idir ardchumas Gaeilge agus ardchumas Matamaitice.
Go deimhin is cosúil go n-éiríonn go han-mhaith le daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge sa Mhatamaitic agus sna hábhair eolaíochta trí chéile. Dá bhrí sin ní haon bhac ar an ngeilleagar cliste an Ghaeilge ach a mhalairt.

ENGLISH TRANSLATION:
The Irish language adds to the country’s ‘intelligent economy’
It would be disastrous to cut back on the money spent on the teaching of the Irish language in the country’s schools. The Irish language has had an improved image among the young people in the last couple of years. Perhaps this image may be further improved with the new Irish language syllabus. At this point, it would be a great pity to waste all the good work.
We all recognise that we have a problem regarding the number of pupils studying higher level Mathematics in the Leaving Cert. We do not agree, however, that cutting back on the teaching of the Irish language will solve this problem. From speaking with teachers in all-Irish language schools and in schools throughout the country it seems that high Irish language ability and high Mathematics ability are closely linked.
Certainly it is likely that pupils in all-Irish schools are very successful in Mathematics and in the science subjects overall. Therefore the Irish language is no obstacle to the smart economy, but the opposite.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102526.html

Monday Oct 18, 2010

IRISH LANGUAGE ORIGINAL: Níl dóthain sagart Éireannach ar fáil
Dar le hambasáid na hÉireann sa Fhrainc, tá suas le deich míle Éireannach ina gcónaí i bPáras, agus téann cuid díobh ag an Aifreann in Chapelle St Patrick.
Cruthaíonn an séipéal seo, atá lonnaithe i gColáiste na nGael, nasc idir Éire agus na hÉireannaigh atá ag cur fúthu i bPáras. Bíonn na daoine céanna i láthair ag an Aifreann in Chapelle St Patrick de ghnáth ach ní bheadh a fhios agat cé a bhuailfeadh isteach! Bhí Bono agus a bhean Ali i láthair ag an Aifreann ann i samhradh na bliana 2009. Bhí U2 ag seinm ag Stad de France agus is cosúil go raibh sé tábhachtach don lánúin cuairt a thabhairt ar an séipéal.
Sa lá atá inniu ann, níl dóthain sagart Éireannach ar fáil agus bíonn brú ollmhór ar an Eaglais Chaitliceach sa tír seo folúntais a líonadh.
Bheadh díomá an domhain ar pharóistigh Chapelle St Patrick mura dtiocfadh sagart eile i gcomharbas ar an Athair Walsh ach le cúnamh Dé, ní tharlóidh sé sin.
TRANSLATION TO ENGLISH: There are insufficient numbers of Irish priests available
According to the Irish embassy in France, there are upwards of ten thousand Irish people living in Paris, and some of these attend Mass in Chapelle St Patrick.
Located at the Irish College, this church forms a link between Ireland and the Irish who live in Paris.
Usually it is the same people who attend Mass in Chapelle St Patrick but you can never tell who might drop in!
Bono and his wife Ali attended mass there in the summer of 2009.
U2 were performing at Stad de France and it seems that it was important to the couple to visit the church.
These days, there are not enough priests available and there is great pressure on the Catholic Church in this country to fill vacancies.
The Chapelle St Patrick parishioners would be greatly disappointed if another priest cannot succeed Father Walsh but, please God, this won’t happen.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102379.html

Monday Oct 18, 2010

ORIGINAL TEXT IN GAEILGE:
Machnamh ar thodhchaí na nGaeltachtaí de dhíth
Tá an chéad cháinaisnéis eile i mbéal an phobail i láthair na huaire agus tá imní ar gach uile dhuine faoi, go háirithe muintir na Gaeltachta. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh an lá eolais agus stocaireachta a rithfear inniu chomh rathúil agus a bhí an ócáid a tionóladh i mí na Nollag 2009.
Thit buiséad Roinn na Gaeltachta ó E149 milliún sa bhliain 2008 go E105 milliún in 2010.
Tá buiséad nua molta sna ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 - 2016’ do na ranna éagsúla, an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ina measc. Tá ciorrú ar luach 71.4 faoin gcéad molta sa cháipéis don Roinn seo.
Má chuireann an rialtas an moladh seo i bhfeidhm, beidh tionchar tubaisteach aige ar na Gaeltachtaí. Táimid ag iarraidh ar an Taoiseach agus ar an Aire Gaeltachta machnamh a dhéanamh ar thodhchaí na nGaeltachtaí agus ar thodhchaí na Gaeilge sula gcuireann siad tuilleadh ciorruithe i bhfeidhm.
TEXT TRANSLATED TO ENGLISH:
Need for reflection on the future of the Irish speaking districts.
The next budget is the topic of conversation at this time and everyone is anxious about it, the people of the Irish speaking district in particular.
Therefore it is hoped that the information and canvassing day to be run today will be as successful as the event called in December 2009.
The Irish speaking district Department budget fell from E149 million in 2008 to E105 million in 2010.
A new budget for the various departments is proposed in the ‘Infrastructure Investment Priorities 2010 - 2016’, including the Department of Community Affairs, Equality and the Gaeltacht. A cutback of 71.4 per cent is recommended in the document for this Department.
If the government implements this recommendation, it will have a disastrous effect on the Irish speaking districts. We are asking the Taoiseach (prime minister) and the Minister for the Irish speaking district to reflect on the future of the Irish speaking districts and on the future of the Irish language before they implement more cutbacks.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102252.html

Monday Oct 18, 2010

ORIGINAL IRISH LANGUAGE TEXT:
Tábhairneoirí i mbaol de bharr cultúir nua óil
Bhí an ceart ar fad ag Pat Breen TD, nuair a dúirt sé go bhfuil cultúr an óil sa tír seo athraithe agus cinnte, tá na tábhairneoirí ag fulaingt.
Sa lá atá inniu ann, ceannaíonn go leor daoine alcól sna hollmhargaí, agus bíonn siad ag ól ag an mbaile in áit a gcuid airgid a chaitheamh sna tithe tábhairne.
Ní féidir leis na tábhairneoirí dul in iomaíocht leis na praghasanna a bhaineann na hollmhargaí amach agus tá an tionscal in ísle brí dá bharr. Is iad na tithe tábhairne tuaithe is mó atá buailte. Chuir an tionscal seo go leor fostaíochta ar fáil riamh anall ach le sé mhí anuas tá 3,000 post caillte sa tionscal.
Bíonn drogall ar dhaoine dul amach ag ól mura bhfuil síob abhaile acu agus seans go réiteodh an díolúine chánach atá molta ag Pat Breen an fhadhb seo.
Thabharfadh sé spreagadh do thábhairneoirí córas iompair a chur ar fáil agus mheallfadh sé tuilleadh daoine chuig a dteach tábhairne áitiúil arís.
Tá na tábhairneoirí ag steachailt agus teastaíonn cabhair uathu sula mbeidh sé ródhéanach.
TRANSLATION OF IRISH TO ENGLISH: Publicans threatened by new drinking culture
Pat Breen TD was fully correct when he said that the drinking culture of this country has changed and, certainly, the publicans are suffering.
Nowadays, many people buy alcohol in the supermarkets and they drink at home rather than spend their money in the pubs.
The publicans cannot compete with the prices the supermarkets can achieve and because of this the industry is at a low ebb. The country pubs are the worst affected. This industry always provided much employment but in the last six months 3,000 jobs have been lost in the industry.
People are reluctant to go out drinking unless they have a lift home and perhaps the tax exemption recommended by Pat Breen might solve this problem.
It would encourage publicans to provide a transport system and would entice more people to their local pub again.
Publicans are struggling and they need help before it is too late.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102128.html

Lullaby - Dún do Shúil

Wednesday Sep 29, 2010

Wednesday Sep 29, 2010

Dún do shúil, a rún mo chroí
A chuid den tsaol 's a ghrá liom,
Dún do shúil, a rún mo chroí,
Agus gheobhaidh tú féirín amárach
Tá do dhaidí ag teacht gan mhoill ón chnoc,
Agus cearca fraoch ina lámh leis,
Ó codail go ciúin, a rún, mo rún,
Agus gheobhaidh tú féirín amárach
Dún do shúil, a rún mo chroí
A chuid den tsaol 's a ghrá liom,
Dún do shúil, a rún mo chroí,
Agus gheobhaidh tú féirín amárach
Tá an samhradh ag teacht le grian is teas,
Agus duilliur glas' ar na phrátaí
Tá an ghaoth ag teacht go fírinneach,
Agus gheobhaimid iasc amárach
Dún do shúil, a rún mo chroí
A chuid den tsaol 's a ghrá liom,
Dún do shúil, a rún mo chroí,
Agus gheobhaidh tú féirín amárach
English:
Close your eyes, O darling of my heart,
My share of life and my love.
Close your eyes, O darling of my heart,
And you'll have a present tomorrow.
Your daddy is coming soon from the hill,
With a grouse in his hand.
O sleep silently, my darling, my darling,
And you'll have a present tomorrow
Close your eyes, O darling of my heart,
My share of life and my love.
Close your eyes, O darling of my heart,
And you'll have a present tomorrow.
Summer is coming with the sun and its heat
And green leaves on the potatoes.
The wind is blowing truly,
And we'll have fish tomorrow.
Close your eyes, O darling of my heart,
My share of life and my love.
Close your eyes, O darling of my heart,
And you'll have a present tomorrow.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic102059.html

Thursday Sep 23, 2010

IRISH ORIGINAL: Gura fada buan é Mícheál Ó Muircheartaigh
D’fhógair an laoch Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost mar chraoltóir le RTÉ. Bhí sé ag tráchtaireacht den uair dheireanach ar chluiche ceannais CLG Dé Domhnaigh seo caite ag Craobh Pheile na hÉireann - lá stairiúil. Táim cinnte go rabhamar ar fad ag éisteacht leis.
Bhí scéalta iontacha aige agus é ag tráchtaireacht le linn cluiche. Bhí sé in ann na pictiúir a chruthú don té a bhí ag éisteacht leis an gcluiche ar an raidió. Is sárthráchtaire é sa dá theanga - Gaeilge agus Béarla. Ní amháin gur thug Mícheál CLG chun cinn, tá neart déanta aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn freisin.
Bhí sé ina uachtarán ar Ghaelscoileanna Teo in 1979. Ba mhúinteoir Gaeilge, Eacnamaíochta agus Cuntasaíochta é go dtí na hochtóidí. Bhí ról lárnach aige i mbunú Gaelscoileanna ar fud na tíre.
Bhí sé 80 bliain d’aois ar an 29 Lúnasa. Beidh sé aisteach bheith ag éisteacht le cluichí CLG gan an laoch tráchtaireachta seo a chloisteáil.
Cloisfear é ag tráchtaireacht den uair dheireanach ag na Cluichí Rialacha Idirnáisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Níl a shárú le fáil ar fud an domhain.
ENGLISH TRANSLATION: Long live Mícheál Ó Muircheartaigh
Mícheál Ó Muircheartaigh has announced his retirement as an RTE broadcaster. He commented for the last time at the GAA All Ireland Football Championships last Sunday - an historical day. I am sure that we were all listening to him.
He had amazing tales whilst commentating during a match. He was able to create the pictures for the listener to the match on the radio. He is a top class commentator in both languages - Irish and English. Not only did Mícheál promote the GAA, but he has done a lot to promote the Irish language also.
He was president of Gaelscoileanna Teo in 1979. He was a teacher of the Irish language, Economics and Accountancy until the eighties. He had a pivotal role in founding Gaelscoileanna throughout the country.
He reached 80 years of age on the 29th August. It will be odd listening to GAA matches with hearing this commentating hero.
He will be heard commentating for the last time at the International Rules Games in October. He is the world’s greatest.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic101992.html

Friday Sep 17, 2010

IRISH ORIGINAL TEXT:
Tá gá le feachtas in aghaidh féinmharaithe
Bhí ionadh an domhain ar mhuintir na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh gur chuir 527 duine lámh ina mbás féin anuraidh. Rinneadh plé ar an staitistic scanrúil seo ar gach uile stáisiún raidió agus nuachtán agus is léir go bhfuil géarghá aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb go luath.
Tháinig laghdú ar an líon daoine a mharaítear ar na bóithre in Éirinn nuair a chaith an Rialtas dóthain airgid chun cosc a chur leis.
Teastaíonn gníomhaíocht cosúil leis seo chun leigheas a fháil ar fhadhb an fhéinmharaithe freisin.
Tá éacht déanta ag Mary Mc Ternan agus lucht STOP.
Tá sí ag baint úsáide as a taithí féin chun cabhair a thabhairt do dhaoine eile agus ba cheart ardmholadh a thabhairt di.
Mar a dúirt sí, is minic nach dtugtar faoi deara go bhfuil fadhb ann nó go mbíonn sé ródhéanach. Caithfimid an scéal a scaipeadh dá bhrí sin, go bhfuil cabhair ar fáil d’aon daoine a bhfuil deacrachtaí acu.

ENGLISH LANGUAGE TRANSLATION:
There is a need for an anti-suicide campaign
The people of Ireland were amazed last week when it was announced that 527 people killed themselves last year.
This frightening statistic was discussed on every radio station and newspaper and it is clear that there is an urgent need to address the problem soon.
There was a decrease in the number of people killed on Irish roads when the Government spent sufficient money in order to prevent it.
Similar action to this is needed to find a solution to the problem of suicide also.
Mary Mc Ternan and STOP have achieved a lot.
She is using her own experience to bring help to others and she should be highly commended.
As she said, a problem often goes unnoticed until it is too late. We must spread the news therefore, that there is help available for any people who have difficulties.

Monday Sep 13, 2010

IRISH LANGUAGE ORIGINAL:
Taighde tábhachtach le bainis shaor a bheith agat
Is E25,000 an méid a chaitear ar an meán ar bhainis in Éirinn - an t-uafas airgid. Léirigh an suirbhé a rinne an suíomh idirlín www.weddingsonline.ie go n-íocann 52 faoin gcéad de na lánúineacha sa tír seo as a mbainiseacha féin.
Ní fhaigheann siad cabhair airgeadais ar bith ó thuismitheoirí, iasachtaí nó eile.
Dá bhrí sin, ní haon iontas gurb é an t-airgead an bronntanas is fearr leo!
Léirigh an suirbhé go bhfuil sé 10 faoin gcéad níos saoire do bhainis a bheith agat ag tráth seo an chúlaithe eacnamaíochta.
Tá margaí iontacha le fáil in óstáin na tíre seo i láthair na huaire.
Má dhéanann tú taighde cuimsitheach is dócha gur féidir bainis iontach a bheith agat le do chlann agus do chairde ar fad i láthair, ar chostas réasúnta.
Ní féidir linn an aimsir sa tír seo a athrú áfach agus mar sin, is dócha go leanfaidh daoine orthu ag dul faoi chuing an phósta i dtíortha eile.

ENGLISH TRANSLATION:
Research is important for you to have a cheap wedding
E25,000 is the average amount spent on a wedding in Ireland - a lot of money. The survey carried out on the internet site www.weddingsonline.ie showed that 52 per cent of the couples in this country pay for their own weddings.
They get no financial help at all from parents, loans or anything else.
Thus, it is no surprise that money is their preferred present.
The survey showed that it is 10 per cent cheaper to have your wedding at this time of economic recession.
There are great deals to be had in this country’s hotels at present.
If you do comprehensive research it is probable that you can have a wonderful wedding with your family and your friends all present, at a reasonable cost.
We cannot change this country’s weather, however, and thus it is probable that people will continue tying the marriage knot in other countries.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic101746.html

Monday Sep 13, 2010

IRISH LANGUAGE ORIGINAL: Ba chóir dúinn tacú leo siúd atá go mór in ísle brí
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil impleachtaí an chúlaithe eacnamaíochta le feiceáil ag ionad Rutland.
Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine atá ag cuardach cabhrach ann agus is scéal brónach é nach bhfuil an t-árachas leighis ná an t-airgead a theastaíonn chun an cúram sin a fháil ag cuid acu.
Léirigh taighde a rinneadh in 2006 go raibh fadhb le mí-úsáid substainte ag 60 faoin gcéad de na daoine a chuir lámh ina mbás féin sa tír seo.
Dá mbeadh an chabhair cheart faighte acu in am seans go mbeadh cuid de na daoine sin fós linn anois.
Bunaíodh an t-ionad Rutland sa bhliain 1978 agus thar na blianta, tá cabhair faighte ag na mílte daoine ó áiteanna ar fud na tíre ann.
Is maith an rud é go bhfuil an meon i leith andúile sa tír seo feabhsaithe.
Is féidir le daoine a admháil anois go dteastaíonn cabhair uathu, rud nach mbíonn éasca a dhéanamh.
Tá áiteanna ar nós ionad Rutland ag tabhairt deis eile do dhaoine atá in ísle brí agus ba cheart go mbeadh tacaíocht á tabhairt dóibh.
ENGLISH LANGUAGE TRANSLATION:
We should support those who are very depressed
It seems that the implications of the economic recession can be seen at the Rutland Centre.
The number of people seeking help there has increased, and it is sad that the health insurance and the money needed for this care is unavailable for some.
Research done in 2006 indicated that 60 percent of those who killed themselves in this country had a substance abuse problem.
If they had received the proper help in time perhaps some of those people would be still with us now.
The Rutland Centre was founded in 1978 and over the years thousands of people from all over the country have received help there.
It is good that the attitude to addiction has improved in this country.
People can now admit that they need help, something which is not easy to do.
Places like the Rutland centre give people who are depressed another chance and they should be supported.
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/topic101608.html

Copyright 2014 Gaeilge Podcast. All rights reserved.

Podcast Powered By Podbean

Version: 20240320